An Leabhar Uainekipighehe150.sv259mg60pxrtiync al srtafхувligKit
Is é an Leabhar Uaine ( Green Book ) an lámhleabhar oiliúna agus treorach a eisíonn an tIRA le haghaidh a chuid Óglach. Eagraíochtaí náisiúnaíocha agus iad gníomhach i ndiaidh Chogadh Cathartha na hÉireann, cosúil leis an gCéad IRA, Cumann na mBan, agus na Sealadaigh a bhain úsáid as an Leabhar Uaine. Is éard a leagtar amach sa Leabhar Uaine ná cuspóirí na gleice armtha atá an tIRA a chur, an córas oirbheartaíochta, agus na coinníollacha atá le comhlíonadh le go bhféadfar a rá go bhfuil an cath briste ar Arm na Breataine Móire agus comhghuaillithe an Airm sin. Mar a chonaic an tIRA agus na Sealadaigh an scéal bheadh céim mhór chun tosaigh sa bhua mhíleata seo in iarrachtaí leanúnacha na gluaiseachta Poblachtánaí le hÉirinn a shaoradh ó bhráca na nGall. Tá an Leabhar Uaine á úsáid mar threoirleabhar polaitiúil agus míleata ag na heagraíochtaí armtha Poblachtánacha ó na caogaidí anuas, ar a laghad. Clár ábhair 1 Stair 2 An Dóigh a Láimhseáiltear an Leabhar Uaine 3 An Dá Eagrán ...